Mac Piarais agus an domhan teibí: an scríbhneoir agus a chaidreamh le Dia

Álanna Hammel
9 min readAug 26, 2022
Pádraig Pearse

Mac Piarais agus an domhan teibí: an scríbhneoir agus a chaidreamh le Dia
Réabhlóidí, oideoir, gníomhaí, abhcóide, náisiúnaí, file, drámadóir agus scríbhneoir é Pádraig Mac Piarais. Mar gheall ar a bhású i 1916, is mó an clú atá ar a pháirt in Éirí Amach na Cásca. Áfach, tríd an n-anailís dona scéalta agus a shaothar a léamh ba léir dúinn go raibh a scríbhneoireacht chruthaitheach chomh tábhachtach lena sheasamh sa reibiliún. Chuaigh a chuid scéalta ag tóraíocht ina chaidreamh le nádúr, polaitíocht, bás, saol agus go mór mór le Dia. San aiste seo, pléfar gearrscéalta an Phiarsaigh agus a cheangal leis an dteibí; ag díriú isteach ar Dhia.

Léiríonn Cathal Ó Háinle Mac Piarais mar oideoir nádúrtha cé a chur an-bhéim ar Ghaeilge. D’éiligh Ó Háinle go mbeadh trua ann má nach mbeadh a shaothar ar son neamhspleáchas na tíre tugtha chun cuimhne. Ina dhiaidh sin, d’aithin Ó Háinle go mbeadh dearcadh an phobail an-difriúil sa chás sin, ach beadh cuimhne cheanúil ar Mhac Piarais a bhuí lena scríbhneoireacht. Ar bhealach spéisiúil, tá gach seans ann go bhfuil sé sin fíor ach, i ndáiríre, ní féidir ceann a bheith aige gan an ceann eile. Bhí dhá thaobh dó (Ó Háinle, 1979: 8). Nuair a bhí sé naoi mbliana déag d’aois, léigh sé bailiúchán ‘Leabhar Sgeulaigheachta’ agus ‘Cois na Teineadh’ le Dubhghlas de hÍde (Ó Háinle, 2017). Is fiú smaoineamh ar go raibh tionchar air níos mó ná bhí a fhois agam. Go príomha, mar tá dhá thaobh do de hÍde freisin.

Ní amháin sin ach luaíonn Ó Háinle an ceangal idir Mhac Piarais agus na rudaí nach bhfeictear. Chreid Mac Piarais go raibh cumhacht nach bhfeictear ag na cainteoirí Gaeilge. Dúirt Mac Piarais freisin go raibh aithne aige ar sheandaoine agus a gcomhrá cairdiúil leis an nach bhfeictear. D’aithin na daoine seo an radharc agus an torann de hÍosa agus Muire. Ansin, chreid Mac Piarais go bhfuil an dlúithe le rudaí spioradálta sin ceangailte litríocht Éireannach (Ó Háinle, 1979: 11). Thaispeáin an thuairim seo go bhfuil nasc idir an teanga Ghaeilge le nádúr, reiligiún agus rudaí eile theibithe. Bhí Mac Piarais den tuairim go raibh an réabhlóid de litríocht as Gaeilge an léargas ná caomhnú dona dtír dhúchais (Ó Háinle, 1979: 13).

Ar go leor bealaí, is ‘canbhás bán’ é an ghné éasca de litríocht Éireannach le Mac Piarais agus a leithéid (mar shampla, nádúr mar théama ina chuid scéalta), do na híde-eolachtaí is fealsúnaí. Tá tírdhreach fisiceach agus sóisialta na litríochta tábhachtach (Frawley, 1999).
Ar an gcéad dul síos, insíonn ‘Iosagáin’ scéal na fhir nach bhfuil aon tuiscint aige ar reiligiún ar chor ar bith. D’fhág an chúis nach dtéann sé ar Aifreann anaithnid. Tá mearbhall éigin ar an léitheoir, mar is duine é go bhfuil an-mheas air. Is í an thréith is áille de Sean-Mhaitias ná a ghrá do leanaí; tréith a roinneann sé le Mac Piarais féin. Is suimiúil é an stíl reacaireacht tríd an scéal. Thar aon rud eile, bhí an chuma air go bhfuil an reacaireacht sa tríú pearsa go dtí an líne “Níl a fhois agam an fíor bréag na scéalta seo, ach tá a fhois agam nár facthas Sean-Mhaitias ag Aifreann”. B’fhéidir go bhfágadh an scéal ar aghaidh ó ghlúin go glúin de bhéal. Thaispeáin Mac Piarais an tábhachtach de scéalta ó bhéal anseo, agus tá dlúthcheangal idir ghearrscéalta na hÉireann agus béaloideas gan amhras.

Rinne Mac Piarais cur síos ar Shean-Mhaitias ag féachaint ar na daoine ag teacht le chéile ar Aifreann, agus suíonn sé nuair a téann siad as radharc. Tríd an n-úsáid de híomháineachas, samhlaíonn an léitheoir a iargúltacht san am i láthair “na páistí ag cleasaíocht ar an bhfaiche, agus é féin ina shuí le hais a dhorais.”

Bhí aithne ar Shean-Mhaitias gach páiste san áit. Lá amháin, chonaic sé buachaill ní fhaca sé riamh cheana é. Ba ea é an chaoi a raibh ionadh an Domhain air nuair a chonaic sé Íosagáin “Gasúr beag donn, a raibh cóta ban air mar a bhí ar gach malrach eile, agus é gan bhróga gan chaipín, mar is gnách le páistí an iarthair” (Ó Háinle, 1979: 55). D’fhiafraigh Sean-Mhaitias de bhuachaill ‘cé hí an buachaill sin’ agus chonaiceamar ar feadh an ndialóg go bhfuil caidreamh muiníneach idir Sean-Mhaitias agus na páistí. D’fhoghlaim Sean-Mhaitias ‘Íosagáin’ an t-ainm atá ar an mbuachaill, agus “deir sé go bhfuil a Athair ina Rí”. Léiríonn teanga nádúrtha tríd an scéal rudaí éagsúla faoi Shean-Mhaitias; go háirithe bíonn muinín aige as daoine (Ó Háinle, 1979: 51). Nuair a bhuail Sean-Mhaitias le hÍosagáin, bhí ceangal eatharthu. Dúirt Íosagáin dó “thug m’Athair cead dom mé féin a fhoilsiú duit de bhrí gur thug th grá dá pháistí beaga.”

Is léir go bhfuil caidreamh muiníneach idir pháistí agus Mac Piarais féin tábhachtach dó. Tar éis an tsaoil, chruthaigh sé Scoil Éanna. Ní haon áibhéil a rá go raibh ceann de na turgnaimh institiúideacha is fearr in Éirinn (Cooke, 1986). Smaoinigh Mac Piarais do Scoil Éanna nuair a bhí sé ag obair mar eagarthóir i gClaíomh Solais. Ba nuachtán pobhlachtach é Claíomh Solais, a chur in iúl do Mhac Piarais an thábhacht de litearthacht agus litríocht. Spreag an nuachtán an teanga a caomhnú ann (Zelenetz, 1999). Lá amháin tháinig athair dá dhaltaí go Mhac Phiarais, ag gearán gur chosúil nach raibh aon spéis ag a mhac ina leabhair nó ina staidéar; gach an chuma air go raibh am aige riamh bhí sé ag seinm ar an bhfeadóg stáin. Cad ba cheart dó a dhéanamh leis an mbeagán maith? Do Mhac Piarais, ba é an freagra follasach an fheadóg stáin is fearr is féidir leat a fháil a ceannaithe (Cooke, 1986).

Faoi dheireadh, fuair Sean-Mhaitias amach a reiligiún. Tháinig sé ar an bhfírinne freisin. Ba Mac Dé é Íosagain, ar ndóigh, chomh mhaith le teachtaire dó chun sagart a sheoladh agus cabhair a thabhairt. Is modh maith é plota chun grá Dé an Phiarsaigh a léiriú (Ó Háinle, 1979: 60).

Tugann sé sin muid chuig an scéal ‘Eoghainín na nÉan’ agus na téamaí ann. Tá an scéal seo bunaithe ar bhuachaill cé a fanacht gach thráthnóna d’éin ag teacht. Tá a mháthair buartha faoi. Ach áitíonn Eoghainín go mbeidh na héin ag teacht “Níl a fhois agam, ach mé a cheapadh. Ba mhithid dóibh an bheith anseo lá ar bith feasta.” Is pointe an-spéisiúil é go bhfuil cineál reiligiún ag Eoghainín. Tá creideamh spioradálta aige go mbeadh na héin ag teacht dó. Is sách smaoineamh teibí é anseo. Ach, úsáideann a mháthair reiligiún mar ina uirlis le plé le cúrsaí an tsaoil. Nuair a tagann tinneas ar Eoghainín, thug an sagart cuairt air. D’iarr an sagart ar Eoghainín “ag brionglóidigh mar is gnách leat, a Eoghainín?’ Feictear tuairim an phobail anseo, bíonn gach duine ag magadh faoi. Ní bhuaileann ‘Eoghainín na nÉan’ amháin le na téama de reiligiún agus Dia cosúil le ‘Íosagáin’. I bhfad níos mó, nascann an scéal le na heilimintí teibí eile mar shampla nádúr agus spioradáltacht (Ó Háinle, 1999: 92). Áfach, thug an Chríostaíocht a n-íomhá nádúraíoch féin. Mar shampla, Gairdín Éidin agus na híomhánna ann (Frawley, 1999). De bhrí sin, tháinig an téama an Dé timpeall chun an scéil. Ní fhéadfadh ach scríbhneoir chomh cumasach le Pearse rud chomh brónach le deireadh ‘Eoghainín na nÉan’ a léiriú go hálainn “Chuala na fáinleoga í agus iad ag dul thar an doras. Níl a fhois agam an gcuala Eoghainín í, mar bhí sé mílte míle i gcéin… sa tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí” (Ó Háinle, 1979:92).

Feictear reiligiún mar théama tríd an scéalta ‘An Deargadaol’. Fiú amháin, conas a bheannaíonn siad dá chéile “go sábhála Dia sinn” agus “Áiméan, a Thiarna”. Insistear scéal an Deargadaol, agus beadh eagla an domhain ar éinne ag léamh “dá maródh fear do mhac, a bhean an tí, ná tabhair deargadaol mar ainm air. Dá dtiocfadh bean idir thú féin agus do chéile leapan, ná cuir i gcomórtas leis an deargadaol í”. Déanann Mac Piarais cur síos ar an nádúr; “oíche garbh gheimhridh” agus “an ghaoth ag caoineadh timpeall an tí”. Mothaínn na léitheoirí an suaimhneas aisteach ann (Ó Háinle, 1979: 100). Caithfear í, cineál ollphéist i roinnt pictiúr, a sheachaint nó ar shlí eile déanfaidh sí dochar uafásach duit féin agus do do mhuintir.

I dtobainne, d’aithrígh na dearcadh ag an gcainteoir faoin nDeargadaol nuair a iníon a shábháil. Cailleann an cainteoir a thuairimí. Nuair a fuair a iníon bás, ní dhearna sé breithiúnas uirthi. Tuigeann sé go mbeadh a saol deachair freisin, mar chonaic sí an cailín bás. Ar an drochuair, chaill an gcainteoir gach rud tar éis é seo; a bhean chéile, a leanbh agus a theach “cailleadh mo bhean mí ina dhiaidh sin agus í ag bheith a linbh. Níor mhair an leanbh. Tháinig galar ar mo bheithígh an geimhreadh dár gcionn. Chuir an tiarna amach as mo sheilbh mé.”(Ó Háinle, 1999: 104). Is scéal an-ghearr é ‘An Deargadaol’ ach coinníonn i bhfad níos mó. Cuirtear an Deargadaol inár láthair mar ainmhí miotasach, agus nascann sin le ‘claontagairt chlasaiceach’. Bhí suim an-mhór ag Mac Piarais sa litríocht Gréigise. Ghlac Mac Piarais -agus a chomhaoisigh- leis an bpríomhacht, agus d’áitigh siad go raibh litríocht Éireannach cluiche cothrom, nó níos fearr (McGing, 2019).

Faoi dheireadh thiar thall, is scéal spéisiúil é ‘An Sagart’. Sa scéal seo, cuireann Mac Piarais go leor cruacheisteanna faoi reiligiún. Mar shampla, an raibh an sagart ag magadh reiligiún, an bhfuil a mháthair ábalta ag sciolladh ar an bpáiste, i measc rudaí eile “‘cá bhfios dom,’ ar sise léi féin, ‘nach peaca uafásach dhom ligean dó aithris a dhéanamh ar an sagart mar sin?…” (Ó Háinle, 1979: 61). Insíonn ‘An Sagart’ scéal buachaill óg a bhfuil brionglóid aige lá éigin a bheith ina shagart, agus na hábhair imní atá ag a mháthair faoin gcaoi ar féidir léi caitheamh leis anois (ag smaoineamh gur ‘figiúr naofa’ é). Léiríonn ‘An Sagart’ an tábhacht de reiligiún níos mó ná na scéalta eile; na rún aige a bheith ina shagart agus níl a shárú ann sa theaghlach “cá bhfios dom nach ina easpag a bheadh sé amach anseo” (Ó Háinle, 1979: 67). Arís, úsáideann Mac Piarais teanga nádúrtha agus mar gheall air tuigeann an léitheoir an gaol eatharthu. Go hachomair, phléigh an scéal teangacha iad féin “bhí Laidin agus Gaeilge measctha trína chéile”. Bhí Mac Piarais den tuairim go bhfuil na páistí in ann ag labhairt Gaeilge an neach is áille faoi luí na gréine. De ghnáth, beadh sé ag cleachtadh an chumhacht mura níor ligeadh dó (Ó Háinle, 1979: 13). Ní cosúil go bhfuil an teibí chomh teibí sa scéal seo.

Ba é an chéad leabhar a cheannaigh Mac Piarais ná leabhar ar ghramadach na Gaeilge (Zelenetz, 1999). Ar bhealach greannmhar, tá sé seo soiléir le linn a chuid scríbhneoireachta. Tá sé soiléir nach raibh aige ach grá don Ghaeilge ón mbealach a úsáideann sé canúint áitiúil ina chuid scéalta go dtí na tuairiscí áille atá air.

Mar fhocal scoir, léiríonn an caidreamh idir Mac Piarais agus an domhan teibí go soiléir tríd na scéalta. Bhí tionchar an-mhór, gan dabht ar fad, ag Mac Piarais sa saol mar atá nó sa saol réadúil. Ní hamháin go mbíonn reiligiún ann, bíonn nádúr agus na eilimintí teibí ann chomh maith. Áfach, úsáideann sé an domhan teibí -ar feadh a scríbhneoireacht chruthaitheach go háirithe ar a chuid gearrscéalta- mar éalú as an bhfírinne. Ar an dtreo céanna go bhfuil a charachtair cuidíonn an reiligiún leo déileáil le cúrsaí an tsaoil. Is gné teibí riachtanach den saol do Mhac Piarais é Dia. Tá a chreideamh fite fuaite ina shaothar, ag tabhairt aire dó i gcónaí agus do na carachtair ina chuid scríbhneoireachta. Tá bua na scríbhneoireachta ag Mac Piarais, éiríonn an íomhá de nádúr agus reiligiún níos mo lena theicnící, lena stíl agus lena theanga. Gan amhras, tá dhá thaobh dó; mar réabhlóidí, gníomhaí, duine atá I mbéal an phobail agus abhcóide, i gcomparáid leis an tsaoil mar file, drámadóir agus mar scríbhneoir. Go cinnte tá siad chomh tábhachtach céanna lena chéile.

Liosta Tagairtí

Foinse Phríomha
Pearse, P. and Ó hÁinle, C., 1979. Gearrscéalta an phiarsaigh. Baile Átha Cliath: Cló Thalbóid.

Foinse Thánaisteach
Ó Háinle, C., 2017. An Piarsach agus 1916: Briathar, Beart agus Oidhreacht. In COMHARTaighde, (3). Le fáil ar https://comhartaighde.ie/eagrain/3/ohainle/ [faighte 14 Nollaig 2021].
Frawley, O., 1999. Nature and Nostalgia in Irish Literature. In Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium, (18). Le fáil ar https://www.jstor.org/stable/20557346?seq=1#metadata_info_tab_contents [faighte 14 Nollaig 2021].
McGing, B., 2019. Why Bother with the Classics in the Twenty-First Century?. In Classics Ireland, 2019: Ireland, Britain and the Classical World (26). Le fáil ar https://www.jstor.org/stable/pdf/26926271.pdf?casa_token=gVySOHet274AAAAA:6MObIQ64WWp97qPPz1iivkYo4KSTMiNDeN04Ky7A8ci6jGr_Vr_NpOcSm58O1kfU4sxAsciL69U00RJiGM-6QMbtga396NyCxFG8xjOXnACe6hCroaM [faighte 14 Nollaig 2021].
Zelentz. A., 1999. Pádraig Pearse’s “Scoil Éanna”. In Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium, (18). Le fáil ar https://www.jstor.org/stable/pdf/20557354.pdf?casa_token=GbX_Ug43BCsAAAAA:zfs08PqRPSzz4y1JOUCfZsM6112Iz70GISzJZFVI_ykhiFRphPqzIaHhOZXadJFNj6Rsm9JO--fSwDtrT4COMS0iatZOkgdPM7LioBrsWelpt5HPTrw [faighte 14 Nollaig 2021].

--

--

Álanna Hammel

writer, editor and interviewer based in Orléans, France.