Níl Aon Tintéan Mar Do Thintéan Féin

Álanna Hammel
2 min readMar 27, 2023
An Irish Fireside: https://arcticcollections.bowdoin.edu/objects-1/thumbnails?page=8&query=keywordPath%20=%20%22CKM%22&records=20&sort=0

Is annamh a chloistear “níl aon tintéan mar do thintéan féin”, mar is frása coitianta Gaeilge é. An méid sin ráite, an bhfuil ‘aon tintéan mar do thintéan féin’ i ndairíre? Nó an bhfuil an frása gan bhrí; rud éigin a deirimid ar chúis ar bith eile seachas go bhfuil an fhuaim go deas.

Sa lá atá inniu ann, tá an frása ag brath ar na tráchtanna cuí a bheith faighte. Idir seo agus siúd in ainneoin an fáiltíodh a chur roimh na dídeanaithe Úcránach in Éirinn, Ní hí Éire a ‘bhfíorbhaile’. Neamhchosúil leis na dídeanaithe eile, ní féidir leo filleadh abhaile tríd is tríd. I gcásanna nuair a bhíonn dianbhrú ann, tuigimid an frása “níl aon tintéan mar do thintéan féin.”

Cé go bhfuil an sainmhiniú seo an aon mhiniú amháin ag an bhfrása. Bíonn cuma an-dáiríre air, ach fós thuigfeadh éinne a chás! Cá as a bhfuil an frása ag teacht? Is cinnte gurb é an seanfhocal Gaeilge is forleithne ar fad. Tá an bhrí chéanna leis agus atá leis an leagan Béarla: “There’s no place like home”. Cén fáth a úsáidtear an focal ‘tintéan’, áfach? Tinteán is ea an áit i dteach ina gcoinnítear nó ina gcoinnítear tine go traidisiúnta le haghaidh téamh tí agus le haghaidh cócaireachta, arb é atá ann de ghnáth ná cloch teallach cothrománach ar a laghad agus go minic iata go céimeanna éagsúla ag aon teaglaim de seastán, teallach, oigheann, cochall deataigh, nó simléir. Gan amhras, is é an tintéan an áit go bhfuil daoine ag cáint, ag gáire, dlúthchaidreamh a chothú agus an áit go bhfuil daoine ina mbeatha.

Ag an am seo agus le déanaí, níl sé ró-choitianta na tinteáin a fheictear sa chistin nó sa sheomra suí, nó san aon sheomra eile fiú amháin. San am céanna, tá an frása chomh tábhachtach céanna inniu! Is beag rudaí atá chomh hiontach le duine a bhfuil grá aige dá bhaile dúchais; agus mothaíonn sé bród nuair a bhíonn siad thart ar mhuintir na háite. Ní hamháin sin, ach is taithí uathúil é a bheith sa bhaile. Ní dócha é go bhfuil go leor mac léinn ina suí thart ar an teallach ina gcóiríocht mac léinn!

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach gá gur foirgneamh nó áit é an bhaile nó an tintéan. Do go leor daoine, is duine, nó mothúchán ar leith é, nó b’fhéidir rud éigin níos coincheapúla mar leabhar nó scannán!

Mar fhocal scoir, tá an frása seo coitianta ach tá sé coitianta ar chúis! Is féidir linn go léir a bhaineann leis an bhfrása “níl aon tintéan mar do thintéan féin” agus sin an fáth go bhfuil sé b’fhéidir ar cheann de na frásaí is coitianta sa Ghaeilge.

--

--

Álanna Hammel

writer, editor and interviewer based in Orléans, France.